|
Boird Fhiontraíochta Chathracha agus
Chondaetha
Cuireadh na boird ar bun i mí Dheireadh Fómhair 1993
chun an mianach dúchasach a fhorbairt agus an ghníomhaíocht
eacnamaíochta a spreagadh ag an leibhéal áitiúil.
Agus é seo le baint amach trí raon de thacaí
fiontraíochta chur ar fáil - áirítear
le seo cúnamh díreach airgeadais le fiontair bheaga
agus mionfhiontair a fhorbairt.
Is iad na Boird Fhiontraíochta na gníomhaireachtaí
reachtúla le haghaidh forbairt an mhionfhiontair ar fud na
tíre. Bunaítear gach Bord mar chuideachta faoi theorainn
ráthaíochta le baill an Bhoird ag teacht ó
ionadaithe toghtha áitiúla, gníomhaireachtaí
eile stáit agus na páirtnéirí sóisialta.
Conas is féidir linn cabhrú libh
?
Tugann an Bord Fiontraíochta cúnamh díreach
airgeadais do ghnólachtaí beaga comh maith le tacaí
leanúnacha eile, mar atá :
Soláthar eolais agus comhairle ar gach gné
de chonas gnólacht bheag a chur ar bun agus a fhorbairt,
agus comhairle faoi raon de thacaí airgeadais atá
ann don ghnólacht bheag.
· Meantóireacht gnótha agus
comhairliúcháin.
· Cúnamh fhorbairt bhainistiochta, i bhfoirm thraenáil
agus tacaíocht don lucht bainistíochta
· Cúnamh i bhforbairt na ríomhthráchtála
· Cúnamh margaíochta do thionscadail incháilithe
· Deontais le haghaidh staidéir indéantachta
· Cúnamh airgeadais roghnach (Réimniú
1) a d`fhéadfadh a bheith ceachtar acu, cúnamh airgeadais
nó fostaíochta.
· Cúnamh inaisíoctha
· Infheistíocht Scair Tosaíochta
· Deimhniú an Bhoird Fhiontraíochta i gcomhair
infheistíocht BES
· Deimhniú an Bhoird Fhiontraíochta i gcomhair
na Scéime Síolchaipitil
Cúrsaí agus Meantóireacht
Solátharaíonn Bord Fiontraíochta Chathair Phort
Láirge Teo. raon de sheirbhísí tacaíochta
do ghnólachtaí nua sa chathair comh maith leo siúd
atá bunaithe cheana.
San áireamh :
· Faisnéis Ghnótha
· Cúnamh i bpleanáil gnótha
· Seirbhís chomhairle agus comhairliúcháin
· Soláthar de sheirbhís chomhairle agus tarchuir
do fhiontair a bhfuil réitigh fé leith ag teastáil
uathu dá saindeacrachtaí féinigh.
· Soláthar de chláir tréanála
dírithe ar fhorbairt bainistíochta don úinéir
/ bhainisteóir.
· Soláthar cúnaimh i bhfoirm chlár meantóireachta.
Meantóireacht
Seirbhís le haghaidh daoine aonaracha nó cuideachtaí
a chabhraíonn leo deachrachtaí a aimsiú le
linn tréimhsí forbartha agus conas teacht ar a réiteach
Deintear é seo trí comhairleóirí sealadacha
a chur ar fail dóibh.
· Fáil isteach ar raon de chláir fhorbairt
bhainistíochta a ligeann don ghrúpa a dthaithí
a roinnt, foghlaim le chéile, agus gréasáin
gnótha a bhunú. Agus feidhm a bhaint as seo go léir
chun bainistíocht sna gnólachtaí beaga a fheabhsú.
Níl na seirbhísí seo don lucht gnó teoranta
do fhiontair a bhfuil cúnamh i bhfoirm deontas faighte acu
amháin, ach d`fhéadfadh gnólachtaí a
sholáthraíonn táirgí nó seirbhísí
- nach dtabharfadh an Bord cúnamh dóibh de ghnáth
- a bheith san áireamh.
Scéim Síolchaipitil
Tugadh an scéim seo isteach i 1993 agus cuireadh leis i 1995.
Tá sé ann le haisíoch cánach, íochtha
thar
tréimhse cúig bliana, do dhuine a dhéanann
infheistíocht agus a ghlacann le fostaíocht le cuideachta
nua. Ní mór don chuideachta a bheith bainteach le
gníomhaíochtaí dála déantúsaíocht,
feirmeóireacht éisc, roinnt cúrsaí turasóireachta,
taighde agus forbairt, seirbhísí trádálaithe
go hidirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí
atá le déanamh san áis malairte atá
curtha ar bun ar an láthair a bhfuil Duganna Theach an Chostaim
ann.
Ní mór dos na gníomhaíochtaí
a bheith cáilithe, ag gníomhaireacht ábhartha,
ag deimhniú go bhfuil sé ina fhiontair nua bona fide.
Cuireadh leis an bpróiseas deimhniúcháin
san Achta Airgeadais 1997, a chuir Boird Fhiontraíochta Cathracha
agus Condaetha san áireamh mar ghníomhaireachtaí
deimhniúcháin.
Tuilleadh eolais le fáil ó na Coimisinéirí
Ioncaim.
Infheistíocht BES :
Glactar leis anois gur cuideachtaí cáilithe iad le
haghaidh iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú BES, na cuideachtaí
sin atá ag soláthar seibhísí trádálaithe
go hidirnáisiúnta agus atá tar éis cúnamh
airgid i bhfoirm deontas a fháil ón mBord Fiontraíochta.
Tugadh an t-athrú seo isteach san Acht Airgeadas 2001, Acht
a leasaigh an Acht Cánacha Comhdlúite 1997. Tháinigh
sé i bhfeidhm 6 Aibreán 2001.
Is iad na tionscail seirbhíse atá
sonraithe ag an Ordú Aire (S1 Uimh. 253, 1998) faoi Alt 3
(I) den Acht um Fhorbairt Tionsclaíochta, 1986, ná
:
· Forbairt Bhogearraí
· Próiseasáil Sonraí agus Tráchtáil
Leitreonach
· Seirbhísí Teicneolaíochta agus Comhairleachta
· Seirbhísí Saotharlainne Trachtála
· Ionad Riaracháin, Seirbhísí Comhordaithe
agus Seirbhísí ón gCeannceathrú
· Seirbhísí Taighde agus Forbartha
· Seirbhísí meán cumarsáide,
il-mheán cumarsáide agus Taifeadta
· Seirbhísí Siamsaíochta agus Fóillíochta
· Seirbhísí Tréanála
· Seirbhísí Foilsitheóireachta
· Seirbhísí Idirnáisiúnta Airgeadais
· Seirbhísí Cúram Sláinte
· Seirbhísí i leith na Tógála
· Seirbhísí Comhshaoil
· Seirbhísí bainistíochta Loighistice
Féach
An Cháirt don Chustaiméir againn
|