-
Chun a bheith incháilithe le haghaidh
cúnaimh ní mór na critéir seo leanas
a chomhlíonadh:
-
Ní mór do sna tionscadail
a bheith san earnáil tráchtála.
-
Ní mór dóibh a bheith
in ann inmharthanacht eacnamáioch a bhaint amach gan
tacaíocht leanúnach nó fóirdheontais.
-
Ní mór margadh cinnte a
léiriú don táirge / seirbhís molta.
-
Caithfidh go bhfuil go leor airgid ann
leis an tionscadal a mhaoiniú.
-
Ní mór do sna tioncnóirí
atá bainteach na scileanna cuí bainistíochta
agus an cumas teicniúla a bheith orthu leis an bhfiontar
a chur chun cinn go sásúil.
-
Ní mór do thionscadal a
gheibheann deontas a bheith in ann fostaíocht díreach
a chruthú agus é sin de réir an leibhéil
deontais atá a lorg, nó ar a laghad an fhostaíocht
atá ann cheana i mion-fhiontair atá bunaithe cheana,
a chothbháil.
-
Ní chóir do thionscadail
a gheibheann cúnamh cur isteach ar aon ghnólacht
eile táinisteach sa cheantar nó dul i gcoimhlint
leo i dtreo is go mbeadh asáitiú postanna i gceist.
-
Caithfidh tionscnóirí tionscadail
polasaithe a shásamh atá ann i dtaobh a bheith
glan ó cháin nó ábhair gaolmhara.
-
Ní bheidh cúnamh i bhfoirm
deontais, sa bhreis nó in áit de aon chúnamh
airgeadais eile atá ann cheana ó áisínteacht
ar bith eile de chuid an stáit.
-
Ní dhéanfar cúnamh
i bhfoirm deontais a sholáthar do thionscadal nach bhfuil
i dtiúin le polasaithe náisiúnta nó
de chuid an A.E..
-
Ní féidir cúnamh
i bhfoirm deontais a sholáthar go cúlghabhálach
.
-
Ní mór do thionscadail
a gheibheann cúnamh a bheith sách beag.
-
D`fhéadfadh an Bord cúnamh
a thabhairt do thionscadail atá i dtiúin le Plean
Fiontraíocht na Cathrach, mar atá :- san earnáil
déantúsaíochta agus seirbhísí
trádálaithe go hidirnáisiúnta ;
cuideachtaí gur acmhainn dóibh suas go dtí
deichniúr a fhostú ; ach gan a bheith san áireamh
cuideachtaí atá bainteach cheana leis an IDA nó
le Enterprise Ireland.
-
Ní mór do thionscadail
seirbhíse a chuirtear ar fáil go háitiúil
critéir an Bhoird a shásamh san earnáil
seo.