|
Is tionscnamh E-Gnó ar fud na tire
é Cumhachtú atá á chur ar fáil
ag na Boird Fhiontraíochta idir Chathair agus Chondae
Is é aidhm an tionscadail seo tacaíocht
a thabhairt do ghnólachtaí atá mbun teicneolaíocht
nua a thabhairt isteach.
Bainfear an sprioc seo amach trí raon de thacaíochtaí
a chur ar fáil dála meantóireacht, traenáil
agus cúnamh i bhfoirm deontais.
Tá cúnamh i bhfoirm Deontas Chumhachtaithe
ar fáil mar a leanas :
Deontas Cláraithe Ainm Fearainn
Cúnamh deontais suas go dtí €100 an gnólacht
le hainm fearainn a chlárú
Deontas Óstaíochta de chuid Suíomh
Gréasáin ISP
Cúnamh Óstaíochta i bhfoirm deontais suas go
dtí €200 an gnólacht chuig costas conradh óstaíochta
sa chéad bhliain.
Deontas Sain-bhog-earraí
Cúnamh deontais i gcomhair bog-earraí de 50% de chaiteachas
incháilithe ar bhog-earraí ceadaithe suas go dtí
uasdheontas de €1,000.
Deontas Traenála E-Gnó
Cúnamh i bhfoirm deontais traenála de 50% de chaiteachas
incháilithe ar chláracha faofa traenála suas
go dtí uasdheontas de €1,000.
Deontas le Suíomh Gréasáin
a Fhorbairt
Cúnamh i bhfoirm deontais le suíomh gréasáin
a fhorbairt de 50% de chaiteachas incháilithe suas go dtí
uasdheontas de €1,250. Bíonn ar chustaiméirí
trí cinn de luachan a fháil le haghaidh forbairt suímh
gréasáin agus ní mór dóibh a
rá cad chuige a rogha.
Deontas le Suíomh Gréasáin
a Chur Chun Cinn
Cúnamh i bhfoirm deontais de 50% de chaiteachas incháilithe
le suíomh gréasáin a chur chun cinn agus le
costais chur chun cinn an innill chuardaigh a mhaoiniú, suas
go dtí uasdheontas de €500.
Iarrfar ar iad súd a bhfuil spéis
acu i sna tacaíochtaí seo, foirm iarratais a chur
isteach
Clic anseo leis an bhFoirm a Íoslódáil
|