1. RÉAMHRÁ Ba chóir cur
síos gairrid a dhéanamh anseo ar phríomh-aidhmeanna
an tionscadail agat.
2. CÚLRA AN LUCHT BAINISTÍOCHTA /
TIONSCNÓIRÍ
Ba chóir cur síos a dhéanamh
anseo ar do chúlra féin maidir le oideachas, cáilíochtaí,
cúrsaí déanta agus araile a d`fhéadfadh
a bheith bainteach leis an togra agus leis na daoine atá
páirteach sa tionscadal
Cuir san áireamh aon taithí praiticiúil
oibre faighte agat. Má tá sé ar intinn agat
daoine eile a fhostú déan cur síos ar na rólanna
acu, a gcuid oideachas, riachtanaisí, taithí oibre
i.e. an structúir bainistíochta agus freagrachtaí.
3. CUR SÍOS AR AN TÁIRGE / SEIRBHÍS
/ AN PRÓISEAS TÁIRGÍOCHTA
Déan cur síos go mion ar an togra
agus tabhair sonraí faoin bpróiseas táirgthe
(má`s déantúsaíocht atá i gceist),
aon riachtanaisí dearaidh agus maidir le seirbhísí
an saghas saineolas a bheadh riachtanach don ghnó. Ba chóir
go bhfaighfeadh éinne a léifeadh an mhír seo
léargas leathan ginearálta ar an bhfiontar gan an
iomarca mionsonraí.
Inneallra agus Trealamh: Cur síos gairrid
maidir leis an saghas trealaimh riachtanach, cé uaidh a bhfuil
sé le fháil agus cad é an costas measta.
Amh-Ábhair: Tuairisc, infhaighteacht agus
soláthóirí
Áitreamh don Tionscadail: An láthair,
méid/oiriúnacht, seirbhísí agus costais.
Cé go bhféadfadh sé bheith deachair ag an bpointe
seo láthair cinnte a dheimhniú, ba chóir roinnt
sonraí a thabhairt ar an saghas ceantair agus an sórt
foirgnimh a d`fhéadfadh a bheith i gceist - láthair
i lár na cathrach mar shampla agus araile. Má tá
sé ar intinn agat a bheith ag obair ón mbaile ba chóir
e seo a rá agus má tá athraithe don teach le
dhéanamh - athraithe don gharáiste mar shampla, ba
chóir sonraí den chaiteachas a thabhairt.
4. SONRAÍ MARGAÍOCHTA
Is é seo b`fhéidir an chuid is tábhachtaí
de sna míreanna go léir agus déanfaidh sé,
a bheag nó a mhór, inmharthanacht an tionscadail a
chinneadh. Is fearr ar fad má`s féidir sa mhír
seo aon taighde margaíochta nó seirbhé atá
déanta a chur ar fáil.
Ba chóir sa mhír seo tuairisc a thabhairt
ar an margadh fé leith agus an plean margaíochta atá
molta agat. Is iad na saghasanna sonraí margaíochta
a bheadh le háireamh ná an sórt margaidh, na
tréithe fé leith, structúir, codanna agus araile.
Cé comh mór is atá an margadh maidir le méid
díolacháin agus luath díolacháin agus
cé acu baile nó easpórtáil. Cé
hiad na iomaitheoirí agus an scair den mhargadh acu.
Ba chóir na rudaí seo leanas a chur
sa Phlean Margaíochta:
Díolachán measta / scair den mhargaidh
Dearadh táirge , pacáistíocht
Sonraí praghasanna, téarmaí
díolacháin, structúir lascainithe agus araile
Modhanna dáileacháin
Modhanna díolacháin
Structúr na gcustaiméirí i.e.
líon agus limistéir
Cur chun cinn díolacháin / pleananna
fógraíochta
5. LÁIMHDEACHAS / RÉAMH-MHEASTÚCHÁIN
AIRGEADAIS
Tá sé tábhachtach go dtabharfaí
aird fé leith ar cheist an láimhdeachais. Go háirithe
ar leibhéil an díolacháin is dóighiúil
i rith an tréimhse réamh-mheastacháin airgeadais
(de ghnáth ar bhonn míosúla i rith na bliana
dár gcionn) Ba chóir mion-ráiteas sreabhadh
airgid thirim a ullamhú ansin, ar a laghad don bhliain dár
gcionn (mí i ndiaidh míosa)
Tabhair costais mheasta ar gach riachtanas
Foirgnimh
Trealamh / inneallra - sonraigh na príomh-nithe,
costais charraeireachta agus insuiteála san áireamh
Daingáin agus feistas
Trealamh oifige
Mótar-fheithiclí
Caipiteal oibre - airgead ag teastáil leis
an ngnó a reachtáil ó lá go lá
i.e. stoc, féichiúnaithe agus araile.
6. BRABÚSACHT
Ba chóir Clár Comhardaithe, Clár
Trádála agus Clár Brabúis is Cailliúna
thar tréimhse 3 bliana a bheith sa mhír seo.
Ioncam díolacháin
Costais díolacháin
Costais airgeadais, riaracháin ginearálta
agus díola
Chun tacú le do phleananna ba cóir
mion-sonraí faoi chostais a sholáthar. Is féidir
go mbeadh comhairle ghairmiúil ag teastáil chuige
seo.
Cé tá Incháilithe ?
Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú
don tionscadal agat ní mór na critéir seo leanas
a chomhlíonadh:
Ní mór do sna tionscadail a bheith
san earnáil tráchtála
Ní mór dóibh a bheith in ann inmharthanacht
eacnamaíochta a bhaint amach gan a bheith ag síor-bhrath
ar thacaíocht nó fóirdheontas.
Ní mór léiriú go bhfuil
margadh cinnte ann don táirge/seirbhís molta
Ní mór go leor airgid a bheith ann
leis an tionscadal a mhaoiniú
Ní mór do sna tionscnóirí
an cumas bainistíochta agus teicneolaíochta a bheith
acu le forbairt an tionscadail a thabhairt i gcrích.
Ní mór do thionscadail a gheibheann
cúnamh deontais a bheith in ann fostaíocht nua díreach
a chruthú de réir leibhéal na tacaíochta
deontais atá á lorg, nó ar a laghad cur go
díreach le cothú na fostaíochta i mion-ghnó
atá ann cheana.
Ní cóir do thionscadail a gheibheann
cúnamh cur isteach ar, nó dul i gcomórtas le
haon chomhghnó eile sa cheantar sa tslí is go mbeadh
asáitiú postanna i gceist.
Ní mór do thionscnóirí,
polasaithe a shásamh i dtaobh a bheith glan ó cháin
agus ábhair gaolta,
Ní bheidh cúnamh i bhfoirm deontas,
ag cur leis nó in áit de, aon chúnamh deontais
eile atá ann cheana ó aon áisínteacht
eile stáit.
Ní chuirfear deontas ar fáil le haghaidh
aon tionscadal nach dtagann le polaisithe Náisiúnta
nó de chuid an Aontais Eorpaigh
Ní thabharfar cúnamh i bhfoirm deontais
go cúlghabhálach
Ní mór do tionscadail a gheibheann
cúnamh a bheith sách beag
D`fhéadfadh an Bord cabhrú le tionscadail
a thagann lena bplean féin; mar shampla an earnáil
déantúsaíochta agus seirbhísí
a thrádáltar go hidirnáisiúnta, agus
le comhlachtaí a d`fhéadfadh suas go dtí deichniúr
a fhostú, ach gan iad siúd a bhfuil baint acu cheana
leis an IDA nó le Fiontraíocht Éireann
Ní mór do sheirbhísí
curtha ar fáil go háitiúil critéir an
Bhoird sa réimse seo a shásamh
Ba chóir do thionscnóirí a thaispeáint
:
Go bhfuil margadh ann don táirge nó
don seirbhís molta
Go mbeadh acmhainn airgeadais ann leis an tionscadal
a mhaoiniú
Go bhfuil an lucht bainistíochta agus an
acmhainn teicneolaíochta ann leis an tionscadal a thabhairt
i gcrích
Ní fhéadfadh feidhm a bhaint as an gciste chun tacaíocht
le tionscadail atá i gcontrárthacht le polasaí
an phobail, ná ní fhéadfadh feidhm a bhaint
as chun tacaíocht dúbailte a thabhairt do thionscadail
atá incháilithe le cúnamh a fháil ó
aon struchtúr nó earnáil eile a thugann deontais.
|