Is féidir feidhm a bhaint as deontas
staidéar indéantachta chun inmharthanacht an ghnó
mholta a thomhas. Áirítear le seo ; taighde agus forbairt,
déanamh fréamhshamhla, comhairle chomhairliúcháin
ag am tástála an mhargaidh, réamhmheastúchán
airgeadais agus ullamhú de phlean foirmeálta gnó.
Cabhraíonn sé le fáil amach i slí ginearálta
an ceart an tseirbhís nó an táirge a thabhairt
ar aghaidh go dtí am a tháirgeadh nó a chur i
bhfeidhm. Tá sé tábhachtach a thuiscint má
táthar tar éis glacadh le tionscadal i gcomhair deontais
le haghaidh staidéar indéantachta / plean gnó
nach dtabharfear an deontas sin go dtí go bhfuil staidéar
indéantachta / plean gnó déanta ag caighdeán
inglacaithe agus é curtha ar aghaidh go dti An Bord
Tá na staidéir seo leanas incháilithe:
Taighde mhargaidh
Ullamhúchán costas agus réamhmheastúcháin
airgeadais
Measúnú inneallra, treallaimh agus
araile
Foinsí amh-ábhair a aimsiú
Staidéir eile nó taighde a bhaineann
le forbairt thionscadail ar bhonn eacnamúil
Forbairt fhréamhshamhla
Cruthú plean gnó
Cad iad na costais a gheibheann deontas ?
D`fhéadfadh na costais seo leanas a bheith
incháilithe :
Pá/tuarastail - €7.60 in aghaidh na
huaire
Costais dála costais taistil - €0.19
cent an mile, chothbháil - €32 an tréimhse 24
uair
Postas, teilefón agus araile
Caiteachas ar tháirgeadh fréamhshamhla
Táillí Comhairliúcháin
Cad é an t-eolas atá riachtanach i gcomhair iarratais
le haghaidh deontais
Eolas faoin tionscnóir
Seoladh
Uimhir teilefóin
Cáilíochtaí
Stair oibre agus cúlra
Sonraí faoin staidéar nó tionscadal
Obair le déanamh
An té a dhéanfaidh, an méid
ama, meastúcháin de na costais le sonraí faoi
chostais taistil agus eile
Sprioc an staidéir nó an tionscadail
Cuir san áireamh, má`s cabhair é,
táirgí le forbairt, margadhaí, custaiméirí,
iomaitheoirí agus meastachán de cé mhéid
daoine a bheidh ag obair
Fostaíocht
Amchlár lena chur i bhfeidhm
Modh curtha i bhfeidhm an tionscadail
Gach píosa eolais eile a bhaineann
(Tabhair an méid eolais agus is féidir chun a chur
in iúil, saghas, méid agus cospóir an staidéir
nó an tionscadail)
An méid caiteachais is dóigh leat a bheidh i gceist
Pá/tuarastail
Taisteal
Táillí comhairliúchán
Cothabháil
Costais fhréamhshamhla
Costais eile ( ba chóir cuimhneamh go cúramach ar
na costais a mheasann tú a bheidh i gceist mar ní
féidir níos déanaí costais bhreise a
mhaoiniú)
Coinníollacha ginereálta
D`fhéadfadh deontais a chur ar fail suas go dtí uasmhéid
de 50%, fé réir teora de €5,100 an tionscadal,
chun cabhrú le costais ullamhúcháin, staidéir
indéanta agus pleananna gnó a dhéanann iarracht
inmharthanacht an tionscadail a mheas.
Ní mór iarratais ar an bhfoirm cuí
a chur isteach agus cead a fháil roimh thosnú ar an
staidéar. Ní gnáth staidéir a fhaomhadh
in earnálacha a bhfuil an iomarcaíocht ann cheana
nó ar tháirgí a bhfuil staidéir déanta
orthu cheana le droch-thoradh.
In a theannta sin ní mór do
thionscnóirí déanta staidéar indéantachta,
teastas cuntasóra a chur ar fáil a dheimhníonn
gur costais bona fide iad costais dála costais pá/tuarastail
na ndaoine ag obair ar an staidéar, costais taistil agus
eile.
|