|
- Réamhrá
- Spriocanna
- Margadh
- Díol agus dáileadh an táirge/seirbhíse
agat
- Baill foirne tábhachtacha
- Lucht bainistíochta
- Baill foirne
- Sonraí gnó
- Sonraí táirgíochta
- Réamhfhaisnéis den Sreabhadh airgid thirim
- Breis eolais
- Achoimiriú
Réamhrá
Is minic a mhaítear gurb ionann an Plean Gnó agus
mapa bóthair. Ba chóir go dtaispeánfadh sé
cá bhfuil tú, cá bhfuil do thriall agus conas
an ceann scribe a bhaint amach Le dul chun cinn a dhéanamh
sa saol seo bíonn gá le pleanáil, le monatóireacht
ar a bhfuil déanta agat agus le gníomh láthair
is atá tú tar éis dul ar strae. Cuimhnigh mar
sin nach plean dolúbtha é agus chun a bheith éifeachtach
ní mór úsáid a bhaint as agus athbhreithniú
a dhéanamh le athraithe sa saol gnótha a láimhseáil.
Ullamhaigh plean cuimsitheach ach déan iarracht a bheith
comh gear agus is féidir. Déanfaidh sé seo
níos éasca do infheisteoirí, áisínteachtaí
stáit agus iasachtóirí breathnú air
agus tuairim a thabhairt. Cuimhnigh, níl éinne ag
lorg tráchtas fada ach doiciméad atá gonta,
ábhartha agus déanann cur síos díreach
ar cad tá i gceist.
Seo leanas sampla amháin de phlean gnó a chabhróidh
leat do cheann féin a chur le chéile. Ná bac
ach leis na míreanna a bhaineann led` thionscadal gnótha
féin.
1 Spriocanna:
- Cén fáth go bhfuil tú ag tosnú do
ghnólacht féin?
- Cad is mian leat a bhaint amach?
2 Margadh:
- Cad é an sprioc-mhargadh agat?
- Cá bhfuil an margadh sin lonnaithe?
- Cé hiad na custaiméirí agat?
- Cé comh mór agus a d`fhéadfadh an margadh
a bheith?
- An bhfuil an margadh ag fás, statach nó ag titim?
- An féidir an táirge/seirbhís agat a dhíol
thar lear?
- Cé hiad na hiomaitheoirí agat agus cad tá
á chur ar fáil acu?
- An bhfuil taighde margaidh cruinn déanta agat?
- An bhfuil athraithe ar siúil sa mhargadh a chuirfeadh
isteach ar do ghnó féin?
3. Díol agus Dáileadh do Tháirge/Seirbhís
Anois agus taighde cruinn margaidh déanta agat tabhair aghaidh
ar na rudaí seo leanas:
- Cad iad na sain-thréithe ag do tháirge/seirbhís
agus cad iad na tairbhí breise aige i gcomporáid
le táirgí/seirbhísí atá ann
cheana
- Déan cur síos air ag tabhairt sonraí i
dtaobh brandaíocht, dearadh, pacáistíocht
agus araile
- Cad é an díol a bhfuil tú ag coinne leis
agus cén scair den margadh é? Taispeáin é
seo mí ar mhí go ceann trí bliana
- An bhfuil sé ar intinn agat athraithe a dhéanamh
agus cad tá á dhéanamh ag do iomaitheoirí?
- Conas a dhéanfaidh tú é a dhíol
agus a dháileadh?
- Cé hiad na bunchustaiméirí agat, a líon
agus cá bhfuil siad lonnaithe?
- Conas a chuirfidh tú an táirge/seirbhís
agat chun cinn agus conas a chuirfidh tú feachtas fógraíochta
i bhfeidhm?
- An bhfuil Straitéis Chaidrimh Phoiblí ag teastáil
agus má`s ea sonraigh é
4. Baill Foirne Tábhachtacha
Tabhair na sonraí seo leanas ar na baill foirne tábhachtacha
- Ainm agus sonraí pearsanta
- Cáilíochtaí ábhartha don ghnólacht
- Réamh-thaithí gnótha agus oibre
- Taithí bainistíochta
- Sonraigh cúrsaí ábhartha atá déanta
acu
- Sonraí dá gcuntas bainc agus sócmhainní
pearsanta
5. Lucht Bainistiochta:
- Sonraigh an struchtúr bainistíochta agus eagraíochta
agat
- Déan cur síos ar fhreagrachtaí an luchta
bhainistiochta
- Tabhair sonraí an luchta bhainistíochta, cáilíochtaí,
taithí agus araile
- Aibhsigh na scileanna a bhíonn riachtanach sa chineál
gnó seo, go háirithe ó thaobh na laigí
de agus conas dul i ngleic leo.
6. Baill Foirne:
- Déan liosta de scileanna na mball comh maith le scileanna
eile nach mór dóibh iad a fháil ó
taobh amuigh den ghnólacht
- Tabhair jabthuairisc gearr ach beacht comh maith leis na costais
mhíosúla agus bliantúla a bhfuil coinne leo
7. Sonraí Gnó:
- Ainm na gnólachta, ainm trádála, seoladh,
teilefón, facs, ríomhphost, idirlíon agus
araile
- Abair an bhfuil tú ag trádáil mar chomhlacht
teoranta, páirtíocht nó trádálaí
aonair. Cuir cáipéisí cúltaca ar fáil
lena é seo a chruthú
- Gníomhaíochtaí Gnótha
- Abair cathain a thosnaigh tú ag trádáil
nó cathain a bhfuil sé ar intinn agat tosnú
- Tabhair sonraí i dtaobh an chomhairleora dlí agus
an cuntasóir agat
- Uimhir CBL, má bhaineann
8. Sonraí táirgíochta:
Ba chóir próiseas táirgíochta na dtáirgí/seirbhísí
agat a mhíniú go soiléir, i dtreo is go dtuigfeadh
an té atá á léamh, an gnó agat
ina iomláine. Sonraigh na hamh-ábhair riachtanach,
a gcostas agus cad iad na foinsí soláthair.
9. Réamhfhaisnéis Shreabhadh Airgid Thirim
D`fhéadfadh cabhair a bheith ag teastáil chun réamhfhaisnéis
shreabhadh airgid thirim a chur le chéile, mar tá
sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí
go cruinn agus go réalaíoch é. Cuirfidh sé
seo in iúil duit cé mhéid airgid thirim a bheidh
ag teastáil ón ngnó sa toghchaí.
Déan liosta de chostais áitrimh, feithiclí,
inneallra, trealamh oifige
- Taispeáin an bunús atá leis an bpleanáil
atá déanta agat, costais díolacháin,
riaracháin agus díola
- Tabhair sonraí i dtaobh infheistíochta ó
thionscnóir, nó go príobháideach;
cúnamh i bhfoirm deontais comh maith le haon mhaoiniú
a bheidh riachtanach ó aon institiúid iasachtaithe
Breis Eolais
- Cá bhfuil an ghnólacht lonnaithe? Cé comh
mór is atá sé agus a oiriúnaí
is atá sé don ghnó agat?
- Abair an bhfuil sé ar intinn agat an áitreamh
a bheith ar léas, ar cíos nó ar bhonn é
a cheannach
- Faoin mír sreabhadh airgid thirim beidh tú tar
éis a lua an inneallra, feithiclí, trealamh agus
araile a bheidh ag teastáil, anois ní mór
a mhíniú an bhfuil sé ar intinn agat iad
a fháil ar léas, ar cíos nó iad a
cheannach.
Achoimre
Sa mhír seo déan athbhreithniú gearr ach cruinn
ar an bplean gnó agat
Anois agus an dréacht-phlean ullamh agat déan é
a athléamh le deimhin a dhéanamh de nach bhfuil aon
rud fágtha amach nó aon chuid de atá i ngá
a athdhéanamh. Tar éis é seo a dhéanamh
tá sé inmholta go ndéanfaidh duine éigean
eile é a léamh agus a iniúcadh. Tugann sé
seo an deis duit tuairim chriticiúil ach cairdiúil
a fháil roimh tabhairt an phlean do dtí na gníomhaireachtaí
deontais, na bainc agus eile.
Is fearr ar fad easnaimh nó easpa éigean a aimsiú
ag an bpointe seo ná iad a thabhairt chun soluis níos
déanaí nuair a bheifeá ag lorg maoinithe nó
infheistíochta.
|