Bainistíocht Éifeachtach
Chreidmheasa: Is sé is cúis leis an gcuid is mó
de gnólachtaí a theipeann orthu ná
droch-bhainistíocht an airgid thirim. Muna bhfuil an ghnólacht
ábalta na híocaíochtaí a bhailiú
atá ag dul di as a cuid seirbhísí/táirgí,
ní fada go mairfidh sí.
Is é fuil na gnólachta airgead tirim agus ní
mór don airgead sin a bheith ag síor teacht is ag
imeacht chun inmharthanacht fadtéarmach a chinntiú.
Braitheann na réamh-fhaisnéisí shreabhadh airgid
thirim a ullamhaigh tú, ar íocaíocht a bheith
déanta in am agus in iomlán.
Ba chóir na rialacha seo leanas a chur i bhfeidhm:
· Bíodh eolas agat i dtaobh do chustaiméirí
agus an teist atá orthu maidir le cúrsaí trádála
· Faigh teistiméireachtaí trádála
agus fíoraigh go bhfuil cúrsaí creidmheasa
in ord
· Ullamhaigh téarmaí soiléir íocaíochta
agus cuir i scríbhinn iad go dtí do chustaiméirí
· Déan deimhin de go n-íoctar fiacha go pras
· Cuir amach na sonraisc agat in am agus cinntigh go bhfuil
siad i gceart
· Ná fág bailiú fiacha ar an méar
fhada. Ba chóir go mbeadh a fhios agat cé mhéid
atá agat ar dhaoine eile, cé hiad agus cad é
an dáta dlite agus iníoctha. i.e. liosta de fhéichiúnaithe
atá dlite thar téarma.
· Ná bíodh eagla ort gnó a chailliúint
trí íocaíocht a lorg
Cuir an dea-chleachtas seo sa tsiúil ón gcéad
lá, mar má ligeann tú do dhroch-chleachtas
fás is ea is mó is deachra é a chur ina cheart
níos déanaí.
Cuimhnigh i gcónaí, ní díol go híocaíocht.
Is ionann neamh-íocaíocht agus fiach
Ná bíodh eagla ort teorainneacha creidmheasa a chur
i bhfeidhm do do chustaiméirí agus déan deimhin
de go gcloíann tú leo.
|