|
PRÓISEAS ANUAS-THARRAINGTHE TAR ÉIS FAOMHADH DE
DHEONTAS FAOI THIONSCNAMH MARGAÍOCHTA EASPÓRTÁLA
Ní mór iarratas a dhéanamh roimh thabhú
aon chaiteachas. Is é an caiteachas amháin, idir dáta
an fhaomhaidh agus an sprioc-am sa litir a thairgeann deontas, atá
incháilithe. Cuir cóip ar aghaidh d`aon Tuarascáil
faoi Chuairt Margaidh a dhein tú (ag cur síos ar cár
chuaigh tú, fáth na cuairte, cé leo a dhein
tú teangmháil agus torthaí cruinnithe. Cuir
san áireamh led` thoil aon ábhar a cruthaíodh
leis an táirge a chur chun cinn, ticéad / leabharán
taispeántais agus araile, mar a oireann)
Chun íocaíocht chugat i dtaobh gníomhaíochtaí
forbartha an mhargaidh easpórtála a éascú,
cuir ar aghaidh led` thoil cóip d`admhálacha deimhnithe
go cuí agus sínithe ag Cuntasóir cáilithe
(cuntasóir cairte nó deimhnithe).
Is féidir deimhniúcháin chaiteachais a chur
isteach ó Chuntasóir atá cáilithe go
proifisiúnta agus atá ina bhall de aon cheann de sna
Comhlachtaí Cuntasóireachta seo leanas :
Institiúid de Chuntasóirí Cairte i nÉirinn
(Sasana agus An Bhreatain Bheag nó An Alba)
Institiúid de Chuntasóirí Deimhnithe i nÉirinn
Cumann Cairte de Chuntasóirí Deimhnithe
Institiúid de Chuntasóirí Poiblí Corpraithe
Is iad na costais agus íocaíochtaí incháilithe
mar a fheictear ar an bhfoirm iarratais iad ná :
Costais taistil (aer/iarnród/carr ar cíos)
Óstán agus cothabháil (ráta laethiúil
suas le huasmhéid de €150 an lá)
Táillí fhreastal ar thaispeántas(cuairteóirí/taispeántóir).An
leabharán taispeántais san áireamh led` thoil.
Forbairt de ábhar fé leith don mhargadh (cóip
den bhróisiúir san áireamh led` thoil)
Taighde margaidh déanta ag tríú páirtí
Roimh íoc an deontais ní mór do Bhord Fiontraíochta
Phort Láirge a bheith sásta lena bhfuil istigh den
Tuarascáil um Chuairt Margaidh agus a thabhácht i
leith an tionscadail
Ar fháil an tseic dó/di hiarrfear ar an deontaí
admháil a shíniú ar son taifeadaí an
Bhoird
Ba chóir a thabhairt faoi ndeara go mbraitheann íoc
an deontais ar mhéid an airgid ar fáil ag an am, ach
is annamh a bheidh moilliú ann agus ag amanna fé leith
amháin.
|