| Bhí John tar éis
19 bliana a thabhairt ag obair le Criostal Phort Láirge sula
chinn se ar dhul amach dó féin. Le breis agus 10 mbliana
bhí John i bhfeighil an Rannóg Spóirt Domhanda
agus Imeachtaí Speisialta thar cheann Criostal Phort Láirge
Sa phost seo bhí sé freagrach as forbairt an chláir
dhomhanda mhargaíochta i leith spóirt de chuid an chomhlachta.
I rith an ama seo dhein John teangmháil le daoine ag na leibhéil
is aoirde laistigh de ghníomhaireachtaí caidrimh phoiblí.
Eagraíochtaí ar nós Comhlachtaí Bainisteoireachta
Imeachtaí, Corparáidí Móra, Gréasáin
Teilefíse, Gníomhaireachtaí Fógraíochta
agus Comhlachtaí Rialaithe Spóirt.
Ag beartú dó a ghnó féin a chur ar
bun chloí sé le fealsúnacht simplí "Ó
thús déan mar atá ar intinn agat a dhéanamh
amach anseo agus cuir ar fáil seirbhís agus cur chuige
maith seasmhach " Is dóigh le John go ndéantar
cláir thomhaltóirí a thomhas de réir
leibhéal na seirbhíse do chustaiméirí
agus an cúram a léirítear don tomhaltóir.
Is é an custaiméir a bhíonn sásta an
cara is fearr agat deir sé agus is minic níos déanaí
é ina fhoinse gustail agus fógraíochta duit
nach bhfeictear ag an am. Ar an láimh eile dhe is féidir
le custaiméir nár thaithn an tslí a caitheadh
lei, droch-phoiblíocht a dhéanamh don chomhlacht.
Is comhlacht é JLS Marketing a cuireadh ar bun i 1998 ag
John Warren. Sainfheidhmíonn sé in sna limistéir
sa leanas :
· Seirbhísí Comhairleachta, lena n-áirítear
Ullamhú Pleananna Gnó
· Urraíocht (Idirbheartaíocht, Conraidh, Forghníomhú
agus Meastóireacht)
· Bainisteoireacht Imeachtaí agus Fáilte
· Uiríoll Branda agus Táirge
JLS Marketing Teo.
Lárionad Fiontraíochta Cathrach, Seomra G1
Páirc Gnó Phort Láirge
An Bóthar Corcaí, Port Láirge, Éire
Fón: +353.51.845475 Facs: +353.51.845401
info@jlsmarketing.net
www.jlsmarketing.net
|