|
Ní mór cur síos cruinn a dhéanamh ar
an ngnólacht atá i gceist agat. Cuirfidh sé
seo ar do chumas fócas a choimeád ar chroí-chuspóir
an ghnó agus is é an croí-chuspóir seo
atá riachtanach leis an margadh a aimsiú agus na custaiméirí
agus na hiomaitheoirí a aithint.
Léiríonn taithí agus taighde go mbíonn
gá le faisnéis agus saineolas a bheith agat sna ceantair
ghnótha atá tú ag tabhairt aghaidh orthu. Is
ar éigean mar shampla a chuirfeá spéis i ngnólacht
forbartha bogearraí muna raibh ach beagán eolais agat
ar ríomhairí.
Chun cabhrú leat smaoineamh agus cruinn-mhachnamh a dhéanamh
ar an idé gnótha agat, ullamhaigh cur síos
beacht ar na ceisteanna seo leanas:
· Cad é go cruinn an táirge nó an tseirbhís
atá i gceist agat?
· Conas a chuirfidh ar fáil é
· An ndéanfaidh tú an margadh a sholáthar
tú féin nó an mbainfidh tú feidhm as
páirtnéirí, fostaithe nó dáileoirí?
· An ndéanfaidh tú déantúsaíocht,
cur le chéile, dáileadh nó seirbhís
a sholáthar
· An ceart duit smaoineamh ar shaincheadú
· An ceart gnó as an nua a bhunú nó
ceann atá ann cheana a cheannach
Déan machnamh ar na freagraí agus bain úsáid
astu chun pictiúir soiléir a chruthú den idé
nua gnótha
agat
|