|
Agus tú ag pleanáil agus ag reachtáil do ghnó
tá sé tábhachtach a fhios a bheith agat cad
é an mhéid díolacháin atá riachtanach
chun na costais ina iomláine a ghlanadh.
Cuirfidh gach € díolacháin sa bhreis le méid
an bhrabúis
Bealach úsáideach chun an leibhéal díolacháin
atá riachtanach leis na costais ar fad a chuimsiú
is ea, anailís meá ar mheá
Is féidir meá ar mheá i dtaobh airgid, i gcás
gnólacht bunaithe ar sheirbhís, a ríomh mar
seo leanas:
Céim 1. Cinntigh an mhéid uaireannta táirgiúla
atá ar fáil:
Mar shampla:
Méid na seachtainí sa bhliain = 52
Liúntas le haghaidh laethanta saoire agus laethanta tinnis
= -6
Iomlán = 46
Lúide am tugtha do riaracháin agus margaíocht
- 4
Méid na seachtainí ar fáil ina iomláine
= 42
Laethanta oibre sa tseachtain = 5
Uaireannta oibre sa lá = 7
Líon na ndaoine sa ghnólacht = 2
Méid na n-Uaireannta Táirgiúla ar fáil
42x5x7x2 = 2940 uair
Céim 2. Cinntigh na costais seasta
Is ionann costais seasta, uaireannta tugtar forchostais chaiteachais
orthu, agus costais a fhanann sách rialta in ainneoin an
mhéid oibre déanta:
San áireamh tá:
Cíos agus Rátaí
Caiteachas ar Riaracháin
Tuarastail agus Pá (ach amháin rag-obair)
Céim 3. Déan an mhéid uaireannta táirgiúla
atá riachtanach leis na costais seasta a chuimsiú
a ríomh:
Bealach 1 : Má bhíonn táille caighdeánach
i bhfeidhm ar ghlaoch amach
Roinn iomlán na gcostas seasta thar an táille glaoch
amach.
Solaoid:
Costais seasta don bhliain, €60,000
Táille caighdeánach i bhfeidhm ar ghlaoch amach,
€60 in aghaidh na huaire
Sa solaoid seo ní mór duit 1000 uaireannta táirgiúla
a chur de mhuirear na gcostas seasta
(€60,000 / €60 = 1000 uair @ €60 in aghaidh na huaire)
Bealach 2: Muna bhfuil aon táille caighdeánach i bhfeidhm
sa tionscal seo, agus is dóichí dhe gurb amhlaidh
atá.
1. Roinn iomlán na gcostas seasta thar iomlán na n-uaireannta
táirgiúla. Tabharfaidh sé seo ráta meá
ar mheá in aghaidh na huaire ar ghlaonna amach.
2.Ráta ríofa na sócmhainní sa mhargadh.
Ma bhíonn an ráta ró-ard ní bheidh an
ghnólacht inmharthana mar déanfaidh ráta ar
bith faoina bhun seo na costais a chuimsiú.
3. Roinn iomlán na gcostas thar an ráta i gceist.
Solaoid:
1. Ráta meá ar mheá ar ghlaoch amach (Roinn
iomlán na gcostas thar iomlán na n-uaireannta táirgiúla)
€60,000 / 2940 uair = €20.40 in aghaidh na huaire
2. Déan an ráta ríofa sa mhargadh a mheas.
Glac leis tar éis an ríomh a dhéanamh go meastar
bhfuil custaiméirí sásta €30 a íoc
in aghaidh na huaire.
3. Déan méid na n-uaireannta táirgiúla
riachtanach leis na costais seasta a chuimsiú a ríomh.
i.e. uaireannta meá ar mheá = €60,000 / €30
= 2000 uair
Sa solaoid seo ní mór duit 2000 uair táirgiúla
a chur de mhuirear na gcostas seasta.
Má tá meá ar mheá airgeadais do ghnólachta
bunaithe ar tháirgí,bíonn sé níos
deacra a ríomh agus ba chóir duit dul chun cainte
led` chuntasóir le haghaidh a thuilleadh eolais.
|