| Tar éis duit fiontar
a chur sa tsiúil beidh tú fé réir cineál
amháin nó eile de cháin. Ar ndóigh braithfear
an cineáil chánach ar cén saghas gnó é
agus na coinníollacha dlí a bhaineann. Bíonn
an brabús a dhéanann trádálaí aonair
nó páirtíocht fé réir cháin
ioncaim. Bíonn brabús an chomhlachta teoranta fé
réir cháin chorparáideach ar bhrabús incháinithe.
Is é an ráta caighdeánach de cháin chorparáide
ná 12.5%
Ina theannta sin tá ráta cánach corparáideach
i bhfeidhm de 12.5% ar ioncam de mhionghnólachtaí/grúpaí
nach mbíonn ioncam trádála níos mó
ná €254,000 acu. Bíonn imeall-fhaoiseamh i le
fáil má bhíonn an t-ioncam trádála
idir €254,000 agus €317,500.
Déantar cáin a ghearradh ar earraí a déantar
in Éirinn agus ar roinnt ghníomhaíochtaí
seirbhíse ar ráta 10%. Leanaigh an faoiseamh seo go
dtí an Nollag 2010.
Ach ghearrfear ráta cánach corparáide de 25%
ar ioncam neamh-thrádála an chomhlachta.
Bíonn sé d`fhiacha ar an gcuid is mó de ghnólachtaí,
cláru le haghaidh CBL (cáin breis luacha), fé
réir uasteora bliantúil láimhdeachais de €25,500
i dtaobh soláthar seirbhísí agus €51,000
i dtaobh soláthar earraí. Ciallíonn sé
seo nach mór duit cuntas den CBL a choimeád.
I gcás nuair a bhíonn an láimhdeachas bliantúil
fé bhun an teora, níl aon riachtanas ann míniú
a thabhairt ar CBL ach d`fhéadfá é a thabhairt
uait féin má`s maith leat. An tairbhe atá le
fáil ó a bheith cláraithe le haghaidh CBL is
ea gur féidir le soláthóirí atá
cláraithe le haghaidh CBL, aisíoc nó creidmheas
a éileamh ar CBL atá íoctha acu ar cheannacháin
dá ngnólachtaí féin.
Is iad na rátaí CBL atá i bhfeidhm faoi láthair
ná:
21% An ráta caighdeánach ar earraí agus seirbhísí
nach réiminítear iad mar eisceachtaí nó
nach bhfuil fé réir CBL ag na rátaí
thíos
13.5% An ráta atá i bhfeidhm ar sheirbhísí
tógála, iostas óstáin, cairr ar cíos
gearrthéarmach, nuachtáin, iriseáin, aidhléis,
béilí in óstáin/bialann, dul go dtí
pictiúrlann, seirbhísí ginereálta talamhaíochta
agus tréidlíochta, seirbhísí ginereálta
deisiúcháin agus cothabhála, maoin (léasanna
ruílse agus fada)
4.4% An ráta ar chapaill, beostoc agus táirgí
áirithe talamhaíochta
0% Ar éadaí páistí, bia, leigheasanna
tríd an mbéal, leabhair áirithe, trealamh áirithe
leighis agus fearas agus earraí a onnmhairítear iad.
Táthar tar éis an clárú do réimse
ar bith cánach a shimpliú, agus is mar a leanas an
fhoirm chuí chlárúcháin le haghaidh
cánach do gach réimse gnótha:
· Ba chóir do thrádálaí aonair
nach bhfuil ag coinne le láimhdeachas níos mó
ná €126,973 sa bhliain, FOIRM STR a chomhlíonadh
· Ba chóir do thrádálaí aonair
comh maith le páirtíochtaí a bhfuil ag coinne
le láimhdeachas níos mó ná €126,973
sa bhliain, FOIRM TR1 a chomhlíonadh
· Ní mór do chomhlachtaí teoranta FOIRM
TR2 a chomhlíonadh
Tá mionfhaisnéis agus sonraí le fáil
ó sna Coimisinéirí Cánach agus is féidir
teangmháil a dhéanamh leo ag an oifigh áitiúil
nó dul go dtí an Small Business Page acu ag www.revenue.ie.
Conas is féidir liom cuntas bainc a oscailt?
Tá Treoir an AE faoi sciúradh airgid i bhfeidhm in
Éirinn agus tá na institiúidí airgeadais
tar éis glacadh le imeachtaí chun cloí leis
an treoir. Is iad na himeachtaí seo leanas a bhaineann:
· Ní mór do thrádálaí
aonair a theastaíonn uaidh cuntas a oscailt, pass reatha
nó ceadúnas tiomána agus bille fóntais
a thabhairt leis go dtí an banc
· Ní mór do thrádálaí
atá ag feidhmiú faoi ainm trádála, an
teastas bunaidh faoi chlárú an ainm thrádála
a bheith aige.
· Tá sé de riachtanas ar chomhlacht teoranta
liosta de sna stiúrthóirí a thabhairt, an post
acu sa chomhlacht agus sonraí i dtaobh an méid scaireanna
a bhfuil acu. Iarrfar ort comh maith sonraí pearsanta na
stiúrthóirí a sholáthar, dáta
breithe, seoladh agus araile. Iarrfar ar chomhlachtaí nua-bhunaithe
cóip den Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais an
chomhlachta, teastas bunaidh corpraithe, seoladh na hoifige cláraithe,
rún a ghlac na stiúrthóirí leis ag ceapadh
banc áirithe mar bhaincéirí an chomhlachta
agus eolas don bhanc faoi conas a dhéanfaí tarraingt
ar an gcuntas agus cé a shínódh.
|